Cúramóir a fhostú

Léargas ginearálta

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh ar an gcostas a bhaineann le duine a fhostú chun aire a thabhairt do na daoine seo a leanas:

  • tú féin, ball de do theaghlach, céile nó páirtnéir sibhialta atá faoi éagumas go hiomlán i ngeall ar mhíchumas fisiceach nó meabhrach
  • do dhuine muinteartha, nó duine muinteartha de do chéile nó pháirtnéir sibhialta, atá faoi éagumas go hiomlán i ngeall ar mhíchumas fisiceach nó meabhrach.

Áirítear le do dhuine muinteartha aon duine a bhfuil tú mar chaomhnóir dlíthiúil aige, nó a raibh tú mar chaomhnóir dlíthiúil aige.

Soláthraithe nó gníomhaireachtaí

Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh ar an gcostas a bhaineann le soláthraithe nó gníomhaireachtaí seirbhíse cúraim, cosúil le:

  • eagraíochtaí carthanachta nó deonacha
  • eagraíochtaí tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí cúram baile.

Ar aghaidh: Srianta