Cúramóir a fhostú

Costais sláinte le haghaidh altranas baile

D'fhéadfadh tinneas tromchúiseach a bheith ag gabháil duit féin nó do dhuine muinteartha agus d'fhéadfadh altranas baile a bheith de dhíth air. Tarlaíonn sé sin nuair a fhostaíonn tú altra cáilithe, ar chomhairle cleachtóir leighis, chun cúram altranais a thabhairt ag baile.

Féadfaidh tú faoiseamh a éileamh ar na costais a bhaineann le haltranas baile. Déantar éileamh ar na costais sin mar chostais sláinte.

Chun an faoiseamh a éileamh ní mór duit teastas dochtúra a sholáthar:

  • a thaispeánann ainm agus seoladh an othair
  • a thugann cuntas ar an gcineál tinnis atá ag gabháil don othar
  • a luann go bhfuil cúram altranais seasta ó altra cáilithe i dteach an othair riachtanach
  • agus
  • a chumhdaíonn an tréimhse iomlán dá bhfuil an t-altranas baile á éileamh.

Ní mór duit freisin ainm agus seoladh iomlán an altra a thabhairt, mar aon le cruthúnas dá gcáilíocht.

Ní mór duit miondealú de na híocaíochtaí go léir don altra, agus gach admháil maidir le híocaíochtaí a choimeád.