Cúramóir a fhostú

Oibleagáidí cánach agus cúramóir fostaithe agat

D'fhéadfá cúramóir a fhostú a chuireann gníomhaireacht ar fáil nó a chuirtear ar fáil trí ghníomhaireacht nó trí aonán tráchtála eile. Féadfaidh tú an eagraíocht a íoc, agus ansin íocfaidh siadsan an cúramóir as a chuid oibre. Sa chás seo, ní mór don eagraíocht na hasbhaintí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) nuair a bheidh tú ag íoc an chúramóra. Ní bheidh aon oibleagáidí cánach eile ort.

Má fhostaíonn tú cúramóir agus má íocann tú féin go díreach é, is tusa a fhostóir agus tá oibleagáidí áirithe ort. Ní mór duit clárú mar fhostóir agus ÍMAT, ÁSPC agus MSU a asbhaint as pá an chúramóra.

Ní mór duit Foirm PREM Reg a chomhlánú agus í a sheoladh isteach chuig Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Chun eolas a fháil ar do chuid oibleagáidí mar fhostóir, téigh chuig Ag fostú daoine.

Ar aghaidh: Costais sláinte le haghaidh altranas baile