Íocaíochtaí cúitimh um díobhálacha pearsanta

Cén chaoi a gcaitear le híocaíochtaí leasa shóisialaigh?

Féadtar cur isteach ar an díolúine infheistíochta agus tú ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Féadtar ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas a fháil mar gheall ar do dhíobháil cháilitheach:

  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Easláine
  • Sochar Míthreorach nó Díobhála
  • Forlíonadh ar Éagumais fad is atá Sochar Míthreorach á fháil.

Sa chás seo, ná cuir na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo san áireamh nuair atá d’ioncam agus gnóthachain iomlána á ríomh. 

Féadfaidh sé go méadaítear na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo mar gheall go bhfuil céile cleithiúnach, páirtnéir sibhialta cleithiúnach, nó leanbh cleithiúnach agat. Ná cuirtear an méadú seo san áireamh ach an oiread nuair atá d'ioncam iomlán agus gnóthachain á ríomh.

Is íocaíochtaí incháinithe iad roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear an pinsean easláine. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an leathanach Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh. Ní chuirtear íocaíochtaí incháinithe leasa shóisialaigh san áireamh nuair atá d'ioncam agus gnóthachain á ríomh chun críocha na díolúine.

Ar aghaidh: Cén chaoi a n-éilítear an díolúine infheistíochta?