Íocaíochtaí cúitimh um díobhálacha pearsanta
Cén chaoi a gcáilíonn tú don díolúine infheistíochta?
Chun cáiliú don díolúine, ní mór go raibh ceann de na híocaíochtaí cúitimh a leanas faighte agat:
- íocaíocht díobhála pearsanta cáilitheach
- íocaíocht ó iontaobhas speisialta déanta duit má tá tú faoi éagumas go buan
- íocaíocht ón mBinse Cúitimh i ndáil le Heipitíteas C agus VEID (nó scéim inchomparáide Aontais Eorpach (AE) nó Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)).
Baineann an díolúine má tá an t-ioncam agus gnóthachan as do chúiteamh níos mó ná 50% de d’ioncam agus do ghnóthachain iomlána don bhliain. Tugtar an tástáil ‘50%’ air seo. Má tá tú pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta, ní chuirtear ach d’ioncam agus gnóthachan féin san áireamh don tástáil ‘50%’.
Céard is íocaíocht díobhála pearsanta cáilitheach?
Féadfar íocaíocht díobhála pearsanta cáilitheach a bheith ó aon cheann de na bhfoinsí seo a leanas:
Ní mór gurb toradh an díobháil lena mbaineann an íocaíocht go bhfuil tú faoi éagumas go buan agus go hiomlán (fisiceach nó meabhrach). Ní mór nach bhfuil tú in ann aire a thabhairt duit féin.
Díobhálacha atá ann roimhe seo
Má tá díobháil agat a bhí ann roimhe seo, ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim an t-eolas seo go léir a leanas a fháil chun cinneadh a dhéanamh ar do theidlíocht chun faoiseamh a éileamh:
- fianaise sláinte maidir le do chuid díobhálacha
- sonraí maidir le do chumas roimhe seo chun tú féin a coinneáil i do phost
- sonraí maidir le cúiteamh a fuarthas roimhe seo.
Sainmhíniú ar éagumas buan agus iomlán
Faoi éagumas go hiomlán
Ciallaíonn faoi éagumas go hiomlán nach bhfuil tú in ann aire a thabhairt duit féin. Ní mór nach bhfuil seans ar bith ann go ndéanfaidh tú téarnamh, nó go dtiocfaidh feabhas ar do bhail, go dtí an pointe go mbeifeá in ann aire a thabhairt duit féin.
Faoi éagumas go buan
Féadfaidh sé go bhfuil tú faoi éagumas go buan ach nach bhfuil tú faoi éagumas go hiomlán.
Féadfaidh tú teastas dochtúra a seoladh chugainn chun cabhrú linn do chúinsí a mheas. Ní mór go luafaí an méid seo a leanas:
- cúis, nádúr agus méid na díobhála
- nádúr agus méid an éagumais a chothaigh an díobháil
- deimhniú go bhfuil tú faoi éagumas go buan, go fisiciúil nó ó thaobh meabhrach, agus nach bhfuil tú in ann aire a thabhairt duit féin.
Ar aghaidh: Céard iad na híocaíochtaí nach gcáilíonn don díolúine infheistíochta?