Íocaíochtaí cúitimh um díobhálacha pearsanta

Deacrachtaí eile le díolúine infheistíochta

Coimircí Cúirte

Is Coimircí Cúirte iad siúd nach bhfuil in ann a gcúrsaí féin a bhainistiú mar gheall ar a n-aois, éagumas intleachta nó ar chúiseanna eile. Cuireann Uachtarán na hArd-Chúirte faoi chúram coiste iad. Féadfaidh duine amháin, nó níos mó, a bheith ar an gcoiste. Ní fhéadann siad aon sócmhainní de chuid na Coimirce Cúirte a chaitheamh, a infheistiú ná a íoc amach gan toil a fháil roimh ré ó Oifig na gCoimircithe Cúirte.

Féadfaidh sé go bhfuil gráid éagsúla éagumais ag Coimircithe Cúirte agus ní dheonaítear an díolúine go huathoibríoch dóibh. Ní mór don choiste atá freagrach as a gcúram a léiriú go gcáilíonn siad don díolúine.

Athinfheistíocht i sócmhainní eile

Féadfaidh sé go dtiocfaidh méadú le himeacht ama ar luach sócmhainne a d’infheistigh tú. Féadfaidh sé go bhfuil an t-ioncam breise a fhaigheann tú ón tsócmhainn seo a infheistiú incháilithe don díolúine.

Sócmhainní maoinithe i bpáirt ag iasachtaí

Féadtar ceannach maoine a mhaoiniú i bpáirt le híocaíocht cúitimh cháilitheach agus le hiasacht. Má dhéanann, ní bheidh díolúine ach ag cuid den ioncam a fhaigheann tú ón tsócmhainn sin.

Maidir leis an tsuim ioncaim atá díolmhaithe, tá sí bunaithe ar shuim an chúitim a úsáidtear chun an tsócmhainn a cheannach. Mar shampla, dá mba rud é gurb ionann do chúiteamh agus dhá thrian den mhaoiniú a úsáideadh chun an tsócmhainn a cheannach, ba chóir go mbeadh dhá thrian de d’ioncam díolmhaithe.