Íocaíochtaí cúitimh um díobhálacha pearsanta

Cén chaoi a n-éilítear an díolúine infheistíochta?

Féadtar an díolúine a éileamh le úsáid a bhaint as m’Fhiosruithe.

Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur san áireamh le do chéad iarratas:

  • Deimhniú leighis ar a léirítear cúis, nádúr, fairsinge an éagumais agus an dáta a thosaigh sé. Ní mór go léireofaí ann chomh maith nach bhfuil tú in ann aire a thabhairt duit féin mar gheall ar an díobháil.
  • Gach fianaise dhoiciméadach ina léirítear na sonraí iomlána maidir le d’éileamh agus an méid íocaíochta a fuair tú le haghaidh damáistí.

Ar aghaidh: Deacrachtaí eile le díolúine infheistíochta