Íocaíochtaí cúitimh um díobhálacha pearsanta

Conas is féidir leat an díolúine a éileamh?

Is é an bealach is éasca agus is sláine chun an díolúine seo a éileamh ná iarratas a chur isteach trí moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as M’Fhiosruithe

Tabhair do d'aire

Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur san áireamh le do chéad iarratas:

• Teastas dochtúra a dheimhníonn méid an éagumais agus an dáta a thosaigh sé, agus nach bhfuil tú in ann tú féin a chothabháil.

• Fianaise dhoiciméadach ar d'éileamh agus sonraí faoin íocaíocht damáistí a fuarthas.

Ar aghaidh: Saincheisteanna eile le díolúine infheistíochta