Éileamh a thíolacadh le haghaidh na Scéime Cúitimh CBL do Charthanais

Is do charthanais ar mian leo éileamh a thíolacadh faoin Scéim Cúitimh CBL do Charthanais an tseirbhís ar líne seo.

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Leis an scéim seo, féadann carthanais éileamh a dhéanamh i leith aisíocaíocht ar sciar den CBL a íocadh bunaithe ar an leibhéal maoinithe neamhphoiblí a fhaightear.

Féadtar tuilleadh eolais ar choinníollacha na scéime a fháil sa rannán Scéim Cúitimh CBL do Charthanais.

Is gá deimhniú imréitigh cánach bailí a bheith agat chun éileamh a thíolacadh.

Éileamh á dhéanamh

 Féadtar éileamh a dhéanamh i leith na Scéime Cúitimh CBL mar seo a leanas:

  • logáil isteach ar ROS
  • ar an gcárta Mo Sheirbhísí Féin téigh chuig bun an leathanaigh
  • faoi Seirbhísí Eile roghnaigh ‘Éilimh ríomh-Aisíocaíochta’
  • roghnaigh 'CBL - Cáin Bhreisluacha' agus 'Lean ar aghaidh'
  • Roghnaigh cineál éileamh 'Scéim Cúitimh CBL do Charthanais’ agus ‘Lean ar aghaidh’
  • Féach ar na riachtanais in 'Léargas ginearálta' agus roghnaigh 'Lean ar aghaidh'
  • osclófar an rogha 'Sonraí an Éilimh', comhlánaigh gach réimse agus 'Lean ar aghaidh’
  • ceangail aon doiciméad tacaíochta iarrtha leis agus 'Lean ar aghaidh'
  • osclófar 'Sonraí Bainc', cuir isteach na sonraí bainc agus 'Lean ar aghaidh’
  • osclófar an scáileán 'Achoimre', déan athbreithniú ar na sonraí, cuir tic leis an dearbhú agus ‘Tíolaic’
  • Cuir pasfhocal isteach agus roghnaigh 'Sínigh agus Tíolaic'.

Má éiríonn leis an gcomhad a uaslódáil, eiseofar uimhir fógra, é sin nó tiocfaidh teachtaireacht earráide aníos le treoracha.