Cén chaoi le Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh
    Léargas ginearálta

Clúdaíonn an rannán seo an chaoi a bhféadann custaiméirí Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) an méid seo a dhéanamh:
- féachaint ar achoimre sonraí fostaíochta
 
- féachaint ar Réamhráiteas Deireadh Bliana
 
- Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú
 
- agus
 
- Ráiteas Dliteanais a iarraidh.
 
Más cáiníocóir ÍMAT thú, ba chóir duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú agus a thíolacadh gach bliain. Is é an bealach is tapúla chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a thíolacadh ná ar líne trí MoChúrsaí.
Is gá duit Tuairisceán Cánach Ioncaim ÍMAT a chomhlánú chun:
- creidmheasanna cánach nó faoisimh amhail Costais Sláinte, Creidmheas Cánach Cíosa agus Faoiseamh Cianoibre a éileamh
 
- ioncam breise a dhearbhú
 
- agus
 
- Ráiteas Dliteanais a fháil.
 
        
Féach ar an bhfíseán seo chun cabhair a fháil chun do Thuairisceán Cánach Ioncaim a thíolacadh:
Tabhair do d’aire
Ag tagairt don fhíseán thíos, rinneadh an rogha 'Déan athbhreithniú ar do Cháin 2017-2020' a nuashonrú ó shin go dtí 'Déan athbhreithniú ar do Cháin 2021-2024'.
      
  		Ar aghaidh: Achoimre Sonraí Fostaíochta
      
  
    
 
  Clárú le haghaidh moChúrsaí
Ba cheart d’fhostaithe céaduaire clárú do moChúrsaí. Is pointe rochtana singil ar líne é moChúrsaí i gcomhair seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim.
    
                        - 
                Ábhair ghaolmhara