Faoiseamh ar Sheomra a Ligean ar Cíos

Cén chaoi a bhfuil tionchar aige ar fhaoisimh agus ar chánacha eile?

Má cháilíonn tú le haghaidh an Fhaoisimh i leith Seomra ar Cíos ní bheidh aon éifeacht ar Fhaoiseamh i leith Ús ar Mhorgáiste ná Faoiseamh Úinéara-Áititheora.

Beidh d’ioncam ó chíos díolmhaithe ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) chomh maith.

Níl aon éifeacht ar an díolúine ó Cháin Gnóthachan Caipitiúil (CGC) i leith áit chónaithe phríobháideach phríomha má roghnaíonn tú d’áit chónaithe a dhíol.