Faoiseamh ar Sheomra a Ligean ar Cíos

Céard iad na coinníollacha is gá a chomhlíonadh?

Chun go mbeidh tú in ann cáiliú le haghaidh an Fhaoisimh i leith Seomra ar Cíos, ní mór na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  • Ní mór don ioncam comhlán ón gcíos a bheith níos lú ná an teorainn díolúine.
  • Ní mór tréimhse ligin leantach íosta (le díolúintí) a bheith ann.
  • Ní mór don seomra sin a bheith in ‘áit chónaithe incháilithe’.

Eisiaimh

Ní fhéadtar an fhaoiseamh a éileamh i leith ioncaim a fuarthas chun úsáid an tseomra nó na seomraí ó na daoine seo:

  • do leanbh, nó leanbh de chuid an pháirtnéara shibhialta
  • fostóir
  • aíonna gearrthéarmacha, (lena n-áirítear iad siúd a chuireann cóiríocht in áirithe ar líne trí shuíomhanna áirithinte).

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé go mbaineann an faoiseamh le ligin a úsáidtear mar chóiríocht chónaithe do mhic léinn i mbliain nó téarma acadúil.

Teorainneacha díolúine

Tá an Faoiseamh i leith Seomra ar Cíos faoi réir teorainn díolúine bhliaintúil. Baineann an teorainn seo le suim chomhlán an ioncaim cíosa a fhaightear don seomra nó do na seomraí i d’áit chónaithe. Ó 2017, is é an teorainn díolúine bhliaintúil ná €14,000.

Is é an t-ioncam comhlán an t-ioncam iomlán roimh chostais a asbhaint. 

Folaíonn costais cothabháil an tseomra a ligtear ar cíos agus liúntais chaipitiúla dlite ar dhaingneáin agus feistis.

Mura sáraíonn do ghlanioncam cíosa an teorainn díolúine, níl ort an méid seo a leanas a íoc:

Má sáraíonn an t-ioncam comhlán ó chíos an teorainn díolúine, gearrtar cáin ar an tsuim iomlán ioncaim.

Tréimhse ligin leantach íosta

Ó 1 Eanáir 2019, ní bhaineann an faoiseamh le hioncam a eascraíonn ó thréimhsí ligin nach sáraíonn 28 lá i ndiaidh a chéile.

Díolúintí

Beidh faoiseamh i bhfeidhm ar chóiríocht chónaithe gearrthéarmacha nach cóiríocht fóillíochta nó gnó iad, mar shampla:

  • ligin le haghaidh cúram faoisimh do dhaoine éagumasaithe
  • cóiríocht le haghaidh mic léinn lánaimseartha nó páirtaimseartha, lena n-áirítear mic léinn teanga
  • ‘lóistín’ ceithre lá sa tseachtain.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ndeonaítear faoiseamh?