Ag ceannach Maoine in Éirinn

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard iad na cineálacha faoisimh atá ar fáil?
  3. Céard iad na cineálacha cánach is gá a íoc?

Céard iad na cineálacha cánach is gá a íoc?

Tabhair do d’aire

Baineann an treoir seo le réadmhaoin nó maoin dho-aistrithe atá lonnaithe sa Stát. Tagraíonn réadmhaoin nó maoin dho-aistrithe do thalamh, d'fhoirgnimh agus do rudaí eile a ghabhann leis an talamh sin.

Dleacht Stampála

Nuair a dhíoltar réadmhaoin nó maoin dho-aistrithe, is gnách úinéireacht a aistriú nó a thabhairt don cheannaitheoir trí ghníomhas foirmiúil. Tugtar ionstraim sa reachtaíocht dleachta stampála ar an ngníomhas seo, agus tá sé inmhuirir i leith dleachta stampála.

Ní mór duit a chinntiú:

  • go bhfuil Dleacht Stampála íoctha
  • agus
  • go dtíolactar tuairisceán Dleachta Stampála i ndáil leis an ionstraim seo.

déanann formhór na gceannaitheoirí socrú go ndéanfaidh Aturnae íocaíocht agus tíolacadh thar a gceann. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Dleacht Stampála agus maoin.

Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)

Braitheann an méid CMÁ atá le híoc agat ar luach margaidh do mhaoine. Is é an luach margaidh an praghas is fearr ag a bhféadfá do mhaoin a dhíol ar an margadh oscailte.

Sula gceannaíonn tú maoin, ní mór duit a chinntiú go bhfaigheann tú an uimhir aitheantais CMÁ agus an luacháil ón díoltóir. Ní mór duit a sheiceáil chomh maith go bhfuil na tuairisceáin agus íocaíochtaí uile CMÁ tíolactha agus suas chun dáta.

Féach an rannán ar an gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh tuilleadh eolais.

Cáin ar Thithe Folmha (CTF)

Baineann CTF le maoine cónaithe atá in úsáid mar áit chónaithe ar feadh achair níos lú ná 30 lá ar a laghad i dtréimhse inmhuirir 12 mhí. Is cáin bhliantúil, fhéinmheasúnaithe í CTF. Tá sé de fhreagracht ar úinéir na maoine a ndliteanas a mheas agus a n-oibleagáidí CTF a chomhlíonadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an rannán Cáin ar Thithe Folmha (CTF).