Ag ceannach maoine in Éirinn

Cé na faoisimh atá ar fáil?

An Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Más ceannaitheoir céaduaire thú, cabhróidh an scéim seo leat i dtreo na héarlais a theastaíonn uait chun teach nua a cheannach nó a thógáil.

Tugann an scéim seo aisíocaíocht duit ar an gcáin ioncaim agus an Cháin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT) a d’íoc tú thar na ceithre bliana roimhe sin.

Féach an rannán ar an Scéim Cabhair le Ceannach (CLC) le haghaidh tuilleadh eolais.

Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste

Leis an Acht Airgeadais 2023, tugadh isteach an Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste. Is do cháiníocóirí an creidmheas cánach seo a rinne íocaíochtaí maidir le hiasacht cháilitheach a bhaineann le príomháit chónaithe phríobháideach. Tá an creidmheas ar fáil do na blianta measúnaithe 2023 go 2026.

Tá an creidmheas ar fáil maidir leis an méadú a tháinig ar an ús a íocadh in 2023, 2024 nó 2025 thar ús a íocadh in 2022. Le haghaidh 2026, ríomhtar luach an chreidmheasa bunaithe ar 50% den mhéadú ar ús a íoctar in 2026 thar ús a íocadh in 2022.

Tá an creidmheas ar fáil d'úinéirí tí a raibh iarmhéid morgáiste gan íoc idir €80,000 agus €500,000 acu amhail an 31 Nollaig 2022.

Féach an rannán Creidmheas Cánach i leith Ús ar Mhorgáiste le haghaidh coinníollacha cáilitheacha agus tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Céard iad na cineálacha cánach is gá a íoc?