Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025
Bandaí agus rátaí luachála
Feadtar áireamhán CMÁ ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a ríomh.
Taispeántar sa tábla thíos na bandaí luachála CMÁ agus bunrátaí CMÁ le haghaidh 2022 go dtí 2025. Bhí do bhanda luachála bunaithe ar luach do mhaoine amhail an dáta luachála, an 1 Samhain 2021.
Bandaí luachála agus bunrátaí amhail ar 2021
|
Uimhir an bhanda luachála
|
Banda luachála €
|
Muirear CMÁ ag an mbunráta €
|
1
|
0 – 200,000
|
90
|
2
|
200,001 – 262,500
|
225
|
3
|
262,501 – 350,000
|
315
|
4
|
350,001 – 437,500
|
405
|
5
|
437,501 – 525,000
|
495
|
6
|
525,001 – 612,500
|
585
|
7
|
612,501 – 700,000
|
675
|
8
|
700,001 – 787,500
|
765
|
9
|
787,501 – 875,000
|
855
|
10
|
875,001 – 962,500
|
945
|
11
|
962,501 – 1,050,000
|
1,035
|
12
|
1,050,001 – 1,137,500
|
1,189
|
13
|
1,137,501 – 1,225,000
|
1,408
|
14
|
1,225,001 – 1,312,500
|
1,627
|
15
|
1,312,501 – 1,400,000
|
1,846
|
16
|
1,400,001 – 1,487,500
|
2,064
|
17
|
1,487,501 – 1,575,000
|
2,283
|
18
|
1,575,001 – 1,662,500
|
2,502
|
19
|
1,662,501 – 1,750,000
|
2,721
|
Maoine le luach margaidh atá níos mó ná €1.75 milliún
Ní ríomhtar an muirear CMÁ ar mhaoine le luach margaidh níos mó ná €1.75 milliún ó bhanda luachála. Ina áit sin, dearnadh an CMÁ dlite a ríomh bunaithe ar luach margaidh na maoine amhail an 1 Samhain 2021.
Ríomhtar an muirear CMÁ le haghaidh na maoine mar shuim den mhéid seo a leanas:
- 0.1029% den chéad €1.05 milliún de luach margaidh dearbhaithe na maoine amhail an 1 Samhain 2021
- 0.25% den chuid den luach margaidh dhearbhaithe os idir €1.05 milliún agus €1.75 milliún
- agus
- 0.3% den chuid den luach margaidh dearbhaithe os cionn €1.75 milliún.
Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil
Féadann gach Údarás Áitiúil an ráta CMÁ a mhéadú nó a laghdú suas le 15% ar an mbunráta do na blianta 2022 go 2025. Tugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil air seo.
Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an muirear CMÁ do do mhaoin a bheith difriúil ón mbunráta CMÁ. Féadfaidh an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil athrú gach bliain le linn na tréimhse luachála.
Ar aghaidh: Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim do mhaoin nua-thógtha nó athchóirithe