Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025

Léargas ginearálta

Tugadh isteach an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) i mí Iúil 2013. Ba é an 1 Bealtaine 2013 an chéad dáta luachála le haghaidh CMÁ agus ba í 2013 go 2021 an chéad tréimhse luachála CMÁ. Tá do mhuirear CMÁ le haghaidh 2013 go dtí 2021 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Bealtaine 2013. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an tréimhse luachála seo, féach Faisnéis maidir leis an gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021.

Ba é an 1 Samhain 2021 an dara dáta luachála agus ba í 2022 go 2025 an dara tréimhse luachála CMÁ. Bhí do mhuirear CMÁ le haghaidh 2022 go dtí 2025 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2021.

Cuimsíonn an rannán seo faisnéis a bhaineann leis an dara tréimhse luachála CMÁ. 

Tabhair do d'aire

Is é an 1 Samhain 2025 an dáta luachála reatha. Cinneann luach do mhaoin ar an dáta seo do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026.

Ar aghaidh: Do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2022 go 2025 a cheartú