Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025
Do mhaoin a luacháil amhail an 1 Samhain 2021
Bhí do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2021. Bhí ort féinmheasúnú a dhéanamh ar luach do mhaoin agus do luacháil a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim i do Thuairisceán CMÁ.
Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, ba chóir duit é a dhéanamh láithreach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh.
Féadfaidh tú do mhaoin a luacháil, ar an 1 Samhain 2021, trí thagairt a dhéanamh do na foinsí eolais seo a leanas:
Tá na foinsí eolais seo cabhrach, ach bíonn maoine ann i gcónaí, áfach, i gceantair ar leith atá éagsúil ón meán. Féadfaidh sé go mbeadh gnéithe speisialta ag baint le do mhaoin agus ba chóir duit iad a chur san áireamh agus luach do mhaoin á chinneadh agat.
Céard ba chóir a chur san áireamh i do luacháil
Tá CMÁ do 2022 go 2025 iníoctha ar aon mhaoin chónaithe agus ar thailte eile a bhain leis an maoin sin suas le hacra amháin. Áirítear leis seo aon fhoirgnimh nó áiseanna ar an maoin amhail:
- clós, gairdín nó paitió
- cabhsán nó spás páirceála
- garáiste, cró nó teach gloine
- seomra sa ghairdín nó oifig bhaile.
Níl talamh, clóis feirme ná foirgnimh a úsáidtear le haghaidh feoirmeoireachta faoi dhliteanas CMÁ.
Doiciméad
Ba chóir duit cóip d’aon fhoinsí eolais agus doiciméid tacaíochta a úsáideann tú chun luach margaidh do mhaoine a chinneadh a choinneáil. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim é seo a iarraidh uait i gcás athbhreithnithe ar d’fhéinmheasúnú ar luach do mhaoin.
Faoiseamh do mhaoine oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas
Bíodh faoiseamh ar fáil do CMÁ do mhaoine oiriúnaithe le haghaidh daoine faoi mhíchumas. Má cuireadh do mhaoin in oiriúint lena áitiú ag duine faoi mhíchumas, féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal luacháil do mhaoine a laghdú.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le critéir incháilithe, féach ar Tax and Duty Manual Part 04-03.
Don tréimhse 2022 go 2025, dá mbeadh tú incháilithe don fhaoiseamh seo, d'fhéadfá do luacháil a laghdú faoi €87,500. De ghnáth, chiallaigh sé seo go dtitfeadh do mhaoin i mbanda luachála níos ísle, rud a laghdódh do mhuirear CMÁ. Chun eolas a fháil ar an gcaoi a bhfuil an faoiseamh seo inchurtha i bhfeidhm do 2026 go dtí 2030, féach ar Toscaí a imríonn tionchar ar do luacháil.
Ar aghaidh: Bandaí agus rátaí luachála