Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025

Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim do mhaoin nua-thógtha nó athchóirithe

Maidir leis na blianta 2022 go 2025, dearnadh muirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) maoine a chinneadh de réir a luach amhail an 1 Samhain 2021.

Má bhí maoin nua-thógtha, nó críochnaithe, tar éis an dáta sin, tháinig sí faoi dhliteanas CMÁ an 1 Samhain ina dhiaidh sin. Mar shampla, má bhí maoin nua-thógtha, nó críochnaithe, i mí Iúil 2023, tháinig sí faoi dhliteanas CMÁ an 1 Samhain 2023. Ciallaíonn sé seo gur tháinig muirear CMÁ chun cinn i ndáil leis an maoin don bhliain 2024.

Bhí ar an úinéir maoine luach na maoine a chinneadh, amhail is go raibh sí ann agus lánchríochnaithe, ar an 1 Samhain 2021. Baineadh úsáid as an luacháil seo chun muirear CMÁ na maoine do na blianta 2024 agus 2025 a chinneadh.

Bhí ort do mhaoin a luacháil, amhail is dá mbeadh sí ann an 1 Samhain 2021, dá dtiocfadh sí faoi dhliteanas CMÁ:

  • tar éis an 1 Samhain 2021
  • agus
  • ar an 01 Samhain 2024, nó roimhe.

Tabhair do d'aire

Má bhí do mhaoin faoi dhliteanas CMÁ idir 2022 agus 2025, ba chóir go mbeadh Tuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin agus an muirear CMÁ íoctha. Mura bhfuil sé déanta agat cheana féin, ba chóir duit é a dhéanamh láithreach. 

Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim

Beidh an fachtóir lascaine in ann cabhrú leat luach do mhaoine a chinneadh amhail is go raibh sí ann ar an 1 Samhain 2021. Is féidir leat an fachtóir lascaine a chur i bhfeidhm sna cásanna seo a leanas:

  • cheannaigh tú do mhaoin nua-thógtha ar an margadh oscailte
  • Thóg tú féin do mhaoin agus féadfaidh tú féinmheasúnú a dhéanamh ar an luach, ar an dáta a críochnaíodh í.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoin gcaoi a ríomh na Coimisinéirí Ioncaim an fachtóir lascaine, féach an Nóta teicniúil ar fhachtóirí lascaine.

Fachtóirí lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh maoine cónaithe a críochnaíodh nó a ceannaíodh idir an 2 Samhain 2023 agus an 1 Samhain 2024

Dáta ar críochnaíodh nó ar ceannaíodh an maoin chónaithe nua

Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim

1 Iúil 2024 go dtí an 01 Samhain 2024

1.23

1 Aibreán 2024 go dtí an 30 Meitheamh 2024

1.23

1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Márta 2024

1.22

2 Samhain 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023

1.20

Fachtóirí lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh maoine cónaithe a críochnaíodh nó a ceannaíodh idir an 2 Samhain 2022 agus an 1 Samhain 2023

Dáta ar críochnaíodh nó ar ceannaíodh an maoin chónaithe nua

Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim

1 Iúil 2023 go dtí an 01 Samhain 2023

1.15

1 Aibreán 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2023

1.15

1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Márta 2023

1.13

2 Samhain 2022 go dtí an 31 Nollaig 2022

1.10

Fachtóirí lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh maoine cónaithe a críochnaíodh nó a ceannaíodh idir an 2 Samhain 2021 agus an 1 Samhain 2022

Dáta ar críochnaíodh nó ar ceannaíodh an maoin chónaithe nua

Fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim

1 Iúil 2022 go dtí an 01 Samhain 2022

1.06

1 Aibreán 2022 go dtí an 30 Meitheamh 2022

1.03

1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Márta 2022

1.01

2 Samhain 2021 go dtí an 31 Nollaig 2021

1.00

Sampla 1

Cheannaigh Keith maoin chónaithe nua i mí Mheán Fómhair 2024 ar €640,000. Ní raibh tógáil na maoine críochnaithe ar an 1 Samhain 2023, agus dá bhrí sin, ní raibh sí faoi dhliteanas CMÁ in 2024. Ós rud é go raibh an mhaoin feiliúnach mar áit chónaithe ar an 1 Samhain 2024, bhí sí faoi dhliteanas CMÁ in 2025.

Is é luach na maoine i mí Mheán Fómhair 2024 ná €640,000. Chun an luach ar an 1 Samhain 2021 a mheas, déantar an luach i mí Mheán Fómhair 2024 a roinnt ar an bhfachtóir lascaine don tréimhse sin.

Luach measta ar an 1 Samhain 2021 = luach mí Mheán Fómhair 2024 ÷ fachtóir lascaine mí Mheán Fómhair 2024

Luach measta ar an 1 Samhain = €640,000 ÷ 1.23 = €520,325

Is é €520,325 an luach measta do mhaoin Keith ar an 1 Samhain 2021. Cuireann sé seo maoin Keith i mBanda Luachála CMÁ 5 (€437,501-€525,000). Mar sin, tíolacann sé Banda 5 ar a Thuairisceán CMÁ.

Sa sampla seo, thitfeadh an luacháil faoi Banda 7 gan an fachtóir lascaine.

Don tréimhse luachála 2022 go 2025, méadaíonn na bandaí CMÁ i réimsí de €87,500. Mar gheall air seo, d'fhéadfadh sé nach n-athrófaí banda CMÁ dá gcuirfí an fhachtóir lascaine i bhfeidhm. I go leor cásanna, d’fhéadfadh an banda luachála CMÁ a bheith mar a chéile leis an Luach Margadh Oscailte atá ar an maoin.

Sampla 2

Chríochnaigh Mark maoin chonáithe nua a thógáil i mí an Mheithimh 2024. Ní raibh an mhaoin ann, nó ní raibh sí críochnaithe, ar 1 Samhain 2023, agus dá bhrí sin, ní raibh sí faoi dhliteanas CMÁ in 2024. Toisc go raibh an maoin feiliúnach mar áit chónaithe ar 1 Samhain 2024, bhí sí faoi dhliteanas CMÁ in 2025.

Is é féinmheasúnú Mark ar Luach Margaidh Oscailte na maoine i mí an Mheithimh 2024 ná €335,000. Chun an luach a mheas ar an 1 Samhain 2021, déantar an luach i mí an Mheithimh 2024 a roinnt ar an bhfachtóir lascaine don tréimhse sin.

Luach measta ar an 1 Samhain  = an luach i mí an Mheithimh 2024 ÷ fachtóir lascaine mí an Mheithimh 2024

Luach measta ar an 1 Samhain = €335,000 ÷ 1.23 = €272,358

Is é €272,358 an luach measta mhaoin Mark ar an 1 Samhain 2021. Cuireann sé seo maoin Mark i mBanda Luachála CMÁ 3 (€262,501-€350,000). Mar sin, thíolacann sé Banda 3 ar a Thuairisceán CMÁ.

Sa sampla seo, fanann an luacháil sa bhanda luachála céanna.

Foinsí eile eolais

I gcásanna áirithe, féadfaidh sé a bheith deacair an Luach Margaidh Oscailte a fhéinmheasúnú. I gcásanna mar sin, ba chóir duit féachaint ar fhoinsí seachtracha eile chun tacú leat do mhaoin a luacháil amhail an 1 Samhain 2021.

Sampla 3

Chríochnaigh Katie maoin chonáithe nua a thógáil i mí Feabhra 2024. Ní raibh an mhaoin faoi dhliteanas CMÁ in 2024 toisc nach maoin chónaithe a bhí ann ar an 1 Samhain 2023. Toisc go raibh an mhaoin feiliúnach mar áit chónaithe ar 1 Samhain 2024, tá sí faoi dhliteanas CMÁ in 2025. 

Chuaigh Katie i gcomhairle leis an gClár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe maidir le hidirbhearta maoine ina ceantar thart ar an 1 Meán Fómhair 2021. Fuair sí amach gurb é €300,000 an meánphraghas. Cuireann sé seo maoin Katie i mBanda Luachála CMÁ 3 (€262,501-€350,000). Mar sin, thíolaic sí Banda 3 ar a Tuairisceán CMÁ.

Maoine nua-ináitrithe

Is é comhairle na gCoimisinéirí Ioncaim nár chóir an factóir lascaine a úsáid chun luach a chur ar mhaoine athchóirithe. Ríomhtar an fachtóir lascaine ag baint úsáide as saintréithe praghais bainteach le maoine atá go hiomlán nua. Ina áit sin, ba chóir d'úinéirí maoine dul i gcomhairle leis an gClár Praghsanna Maoine Cónaithe chun luach infheidhme a maoine a chinneadh amhail an 1 Samhain 2021. 

Sampla 4

Is úinéir í Máire ar mhaoin nach raibh feiliúnach mar áit chónaithe roimhe seo. Ar an 1 Samhain 2021, bhí an mhaoin neamháitithe. Ní raibh aon uisce reatha ná leictreachas ann agus thit cuid den díon. Ní raibh an mhaoin faoi dhliteanas CMÁ le haghaidh 2022.

Thosaigh Máire ag athchóiriú an mhaoin ag deireadh 2023. Cuireadh an t-athchóiriú i gcrích i mí Lúnasa 2024. Ós rud é go raibh an mhaoin feiliúnach mar áit chónaithe ar an 1 Samhain 2024, bhí sí faoi dhliteanas CMÁ in 2025.

Chuaigh Máire i gcomhairle leis an gClár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe maidir le hidirbhearta maoine ina ceantar thart ar an 1 Samhain 2021. Fuair Máire amach gurb é €220,000 an meánphraghas. Mar sin, tíolacann sí Banda 2 (€200,001-€262,500) ar a Tuairisceán CMÁ.

Ar aghaidh: Díolúintí CMÁ le haghaidh 2022 go 2025