Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025
Iarchuir CMÁ le haghaidh 2022 go 2025
Féadtar íocaíocht do Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a iarchur má chomhlíonann tú coinníollacha áirithe.
Ní díolúine é iarchur. Má tá íocaíocht CMÁ á iarchur agat, éiríonn an CMÁ iarchurtha de bheith iníoctha ag dáta níos déanaí. Fabhraítear ús ar an tsuim neamhíoctha go dtí go n-íoctar í.
Ráta úis
Is é 4% an ráta úis iarchurtha do na blianta 2013 go 2021. Ón 1 Eanáir 2022, laghdaíodh an ráta úis seo go 3% in aghaidh na bliana. Ní imríonn sé seo tionchar ar shuim an úis, áfach, a fabhraíodh suas go dtí an 31 Nollaig 2021, ag an ráta 4%.
Catagóirí iarchurtha
Tá cúig chatagóir iarchurtha CMÁ ar fáil:
- Tairseach ioncaim.
- Tairseach ioncaim arna choigeartú ag morgáiste.
- ionadaithe pearsanta duine dliteanaigh éagtha.
- Dócmhainneacht phearsanta.
- Forais chruatain.
Coinníollacha cáilitheacha
Catagóir um thairseach ioncaim
Tá méadú tagtha ar na tairseacha ioncaim do na blianta 2026 go 2030 ó na tairseacha a bhí i bhfeidhm do na blianta 2022 go 2025. Tá eolas faoi na tairseacha ioncaim nua agus faoi na coinníollacha cáilithe a bhaineann leis na catagóirí iarchurtha eile ar fáil in íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a Iarchur.
Tairseacha ioncaim do 2022 go 2025
Tairseacha ioncaim chun iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt a éileamh do 2022 go dtí 2025
|
Duine dliteanach (úinéirí-áititheoirí amháin)
|
Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur iomlán, ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná
|
Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur i bpáirt (50%), ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná
|
Duine singil nó baintreach, gan mhorgáiste
|
€18,000
|
€30,000
|
Lánúin, gan mhorgáiste
|
€30,000
|
€42,000
|
Duine singil nó baintreach, le morgáiste
|
€18,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste
|
€30,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste
|
Lánúin, le morgáiste
|
€30,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste
|
€42,000 + 80% d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste
|
Tabhair do d'aire
Tá deireadh á cur leis an tairseach d’íocáíochtaí úis morgáiste. Níl an chatagóir seo ar fáil ach do mhorgáistí a tógadh amach roimh an 1 Samhain 2020.
Chun eolais a fháil ar an gcaoi le hiarratas ar iarchur a dhéanamh, féach ar Íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a iarchur.