Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025
Do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2022 go 2025 a cheartú
Féadfaidh tú do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2022 go 2025 a cheartú má tá tú den tuairim go bhfuil tú tar éis aon cheann díobh seo a leanas a dhéanamh:
- do mhaoin a luacháil ró-íseal amhail an 1 Samhain 2021
- do mhaoin a luacháil ró-ard amhail an 1 Samhain 2021
- gur éiligh tú díolúine ó CMÁ nó iarchur ar íocaíocht go mícheart
- nó
- nár éiligh tú díolúine ó CMÁ nó iarchur ar íocaíocht a bhí tú i dteideal.
Déanfar suim do dhliteanais CMÁ a athríomh agus:
- tiocfaidh an tsuim sin in áit na suime dliteanais CMÁ bunaidh
- agus
- beidh an tsuim nua mar bhunús do do mhuirear CMÁ do gach bliain ó 2022 go 2025.
Má tháinig méadú ar do dhliteanas CMÁ mar gheall ar an gceartúchán, tá an méadú iníoctha agat láithreach agus d’fhéadfadh sé bheith faoi réir úis.
Conas do Thuairisceán CMÁ le haghaidh 2022 go 2025 a cheartú
Má tá do Thuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin, ach más mian leat do luacháil a leasú anois, féach Conas do thuairisceán a cheartú.
Féadann na Coimisinéirí Ioncaim eolas breise a iarraidh uait roimh bhailíocht d’éilimh a chinneadh.
Ar aghaidh: Maoine atá faoi dhliteanas CMÁ ó 2022 go 2025