Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025

Díolúintí CMÁ le haghaidh 2022 go 2025

Tá maoine áirithe díolmhaithe ón gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) má chomhlíonann siad coinníollacha cáilitheacha. Tá coinníollacha cáilithe sonracha ag baint le gach díolúine CMÁ.

Bhíodh seacht ndíolúine CMÁ ar fáil le haghaidh 2022 go 2025:

  1. Maoine neamháitithe ar feadh tréimhse shínte de dheasca an t-úinéir a bheith tinn.
  2. Maoine a ceannaíodh, nó a oiriúnaíodh nó a tógadh lena n-úsáid ag daoine éagumasaithe.
  3. Maoine a tógadh ag baint úsáid as bloic coincréite lochtacha.
  4. Maoine a deimhníodh a bheith damáistithe ag pirít.
  5. Maoine atá go hiomlán faoi réir rátaí tráchtála.
  6. Maoine ar le carthanas nó comhlacht poiblí iad.
  7. Tithe altranais cláraithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na díolúintí thuasluaite, féach Díolúintí na Cánach Maoine Áitiúla le haghaidh 2026 go 2030

Ar aghaidh: Iarchuir CMÁ le haghaidh 2022 go 2025