Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026

Uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim

Féadfaidh tú féachaint ar uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim chun tacú leat do mhaoin a luacháil. Sonraíonn an uirlis seo an meánbhanda luachála do mhaoine i do gharcheantar. Ní léiríonn sé luach margaidh sonrach d'aon mhaoin aonair.

Tá an uirlis luachála idirghníomhach bunaithe ar an luach margaidh atá ag maoine amhail an 1 Samhain 2025. Tá sé seo amhlaidh mar go bhfuil do mhuirear CMÁ le haghaidh 2026 go 2030 bunaithe ar do luacháil ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2025.

Tá tusa freagrach as a mheas an mbaineann an meánbhanda luachála do do cheantar le do mhaoin féin. Féadfaidh sé nach léireoidh meánbhanda luachála do mhaoine i do gharcheantar luach do mhaoine féin. Ba chóir duit mionsonraí do mhaoine féin a mheas nuair atá tú ag déanamh comparáid le maoine eile i do gharcheantar.

Le haghaidh tuilled eolais faoi fhoinsí eile a fhéadtar a úsáid chun luach do mhaoine a chinneadh, féach An chaoi le do mhaoin a luacháil.

Ar aghaidh: Do thuairisceán CMÁ a thíolacadh