Cáin Mhaoine Áitiúil - céard is gá duit a dhéanamh le haghaidh 2026

Do thuairisceán CMÁ a thíolacadh

Is é an bealach is éasca chun do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh ná ar líne. Féadfaidh tú do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh tríd an tseirbhís CMÁ ar líne.

Tabhair do d'aire

Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta don Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla go dtí 17:30 an 12 Samhain.

Chun rochtain a fháil ar an tseirbhís seo, teastóidh d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), d'Aitheantas Maoine agus do UAP. Tá Uimhir Aitheantas do Mhaoine agus do UAP ar fáil i ngach comhfhreagras CMÁ a fhaigheann tú ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Tabhair do d’aire

Féadtar a iarratas a dhéanamh go seolfaí d'Aitheantas Maoine agus d'UAP chugat tríd an bpost mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh:

- moChúrsaí

- Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Chun é sin a dhéanamh, cuir d'UPSP isteach ar an tseirbhís CMÁ ar líne agus cliceáil ar 'Seol m'Aitheantas Maoine nó m'UAP tríd an bpost'.

De rogha air sin, más tú an duine ainmnithe atá faoi dhliteanas do do mhaoin, féadfaidh tú rochtain a fháil ar an tseirbhís CMÁ ar líne trí moChúrsaí nó trí ROS.

Cúnamh le do thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar-líne

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh.

Díolúintí CMÁ

D'fhéadfadh tú a bheith i dteideal maolú ó mhuirear an CMÁ a éileamh. Má cháilíonn do mhaoin le haghaidh díolúine, ba cheart duit an díolúine ábhartha a roghnú ar do Thuairisceán CMÁ. Le haghaidh tuilleadh eolais ar dhíolúintí CMÁ, féach Díolúine Cánach Maoine Áitiúla do 2026 go dtí 2030.

An muirear CMÁ a iarchur

D'fhéadfá cáiliú le haghaidh iarchur ar do mhuirear CMÁ. Más amhlaidh, caithfidh tú éileamh a dhéanamh air seo ar do Thuairisceán CMÁ. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Íocaíocht Cánach Maoine Áitiúla a iarchur.

Ar aghaidh: Roghanna íocaíochta agus spriocdhátaí