Díolúintí Cánach ar Thithe Folmha (CTF)

Maoin neamháitithe mar gheall ar bhreoiteacht úinéara

Tá díolúine ón gCáin ar Thithe Folmha (CTF) ar fáil do mhaoine neamháitithe sa tréimhse inmhuirir mar gheall ar bhreoiteacht an úinéara.

Beidh feidhm ag an díolúine don tréimhse inmhuirir sna cásanna seo a leanas:

  • nach raibh an t-úinéir in ann cónaí sa mhaoin mar gheall ar mheabhairghalar nó tinneas fisiceach
  • go bhfuil an bhreoiteacht deimhnithe ag liachleachtóir cláraithe
  • agus
  • d'áitigh an t-úinéir an mhaoin mar an t-aon-áit chónaithe nó mar phríomháit chónaithe díreach sular fágadh an mhaoin.

Ní mór duit díolúine a éileamh i do Thuairisceán CTF do gach tréimhse inmhuirir infheidhme.

Sampla 1

Bhí Nóra ina cónaí léi féin ina teachín faoin tuath i Maigh Eo ar feadh beagnach cúig bliana tar éis bhás a fir chéile. Bhuail stróc í agus d'fhan sí san ospidéal ar feadh dhá mhí. Thug dochtúir Nóra le fios ansin nach mbeadh sí in ann maireachtáil ina haonar mar gheall ar thionchar an stróc. Bhog Nóra isteach lena mac Pól agus a chlann. Beidh Nóra i dteideal díolúine ó CTF a fháil.

Sampla 2

D'fhág Sandra a hárasán folamh chun bogadh isteach lena dlúthchara Anna a bhfuil scléaróis iolrach uirthi. Tá riocht Anna imithe in olcas go dtí an pointe go bhfuil cúnamh ag teastáil uaithi anois ar bhonn laethúil. Níl Sandra i dteideal na díolúine ó CTF ar a hárasán folamh. Ní raibh dualgas ar Sandra a hárasán a fhágáil mar gheall nár fhullaing sí féin le meabhairghalar nó tinneas fisiceach.