Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corparáideacha

Riachtanais tíolactha

Ar an 1 Eanáir 2019 nó dá éis, ní mór do chomhlachtaí a eisíonn scaireanna ó na scéimeanna thíos faisnéis áirithe a chur ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)
  • An Dreasacht Caipitil do Chomhlachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT)
  • Aisíocaíochtaí d'Fhiontraithe Cuideachtaí Nua-Thionscanta (FFCNT)

Folaíonn an fhaisnéis iarrtha:

  • an comhlacht a d’eisigh na scaireanna
  • an tsuim a bailíodh tríd an eisiúint scaireanna
  • na hinfheisteoirí ar eisíodh na scaireanna chucu.

Ní mór an tuairisceán Return of Qualifying Investments in a Qualifying Company a thíolacadh go leictreonach. 

Ar aghaidh: Tairbhithe a fhoilsiú