Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corparáideacha

Tairbhithe a fhoilsiú

Scaireanna a eisítear ar 01 Eanáir 2007 nó dá éis

Tá dearbhú tugtha ag na comhlachtaí thíos do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil infheistíochtaí bailithe acu. Rinneadh na hinfheistíochtaí seo ar an 01 Eanáir 2007, nó dá éis, faoi cheann de na scéimeanna seo:

  • An Scéim um Leathnú Gnó (SLG)
  • An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)
  • An Dreasacht Caipitil do Chomhlachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT)
  • An Scéim Síolchaipitil (SSC)
  • An Faoiseamh d’Fhiontraithe um Nuathionscnamh (FFCNT).

Foilsítear an liosta seo mar eolas do ghníomhaireachtaí Stáit agus comhlachtaí Stáit. Éascaíonn sé feidhmiú éifeachtach Rialacha Carntha Cúnaimh Stáit an AE[1]. Baineann sé seo le hiarratais bhreise ó na comhlachtaí seo ar chúnamh eile Stáit gaolmhar.

[1] Féach na treoirlínte Community Guidelines on State Aid to Promote Risk Capital Investments in Small and Medium-Sized Enterprises - OJ No. C194 of 18 August 2006, p.20.

Ar aghaidh: Sonraí teagmhála