Faoiseamh i leith infheistíochta i dtrádálacha corparáideacha
Léargas ginearálta
Úsáideann comhlachtaí trádála na faoisimh atá ar fáil le haghaidh infheistíochtaí i dtrádálacha corparáideacha chun maoiniú riosca scairbhunaithe a mhealladh ó dhaoine aonair. Féadfaidh sé go bhfuil daoine aonair a dhéanann infheistíochtaí cáilitheacha i gcomhlachtaí cáilitheacha in ann faoiseamh cánach ioncaim a éileamh i leith na suime a infheistítear. Tá trí dhreasacht éagsúla ann faoina bhféadann comhlachtaí cistí a chruinniú:
- An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI)
- An Dreasacht Caipitil do Chomhlachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT)
- faoin Faoiseamh d’Fhiontraithe um Nuathionscnamh (FFCNT).
Tá athrú tagtha ar an gcaoi a n-éilítear na faoisimh seo i leith scaireanna a eisíodh ar 1 Eanáir 2019 nó dá éis.
Le haghaidh tuilleadh sonraí ar na coinníollacha a bhaineann le comhlachtaí, féach Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corparáideacha do dhaoine aonair.
Ar aghaidh: Comhlacht cáilitheach