Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corparáideacha

Faoisimh ar fáil

Sa chás go ndéanann duine aonair infheistíocht cháilitheach i gcomhlacht cáilitheach agus go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe féadann siad faoiseamh cánach a éileamh i leith na suime a infheistítear. 

Is iad na trí dhreasacht atá ann ná:

  • An Dreasacht Fostaíochta agus Infheistíochta (DFI) a dearadh le haghaidh comhlachtaí ag bailiú cistí ó thríú páirtithe
  • An Dreasacht Caipitil do Chomhlachtaí Nua-Thionscanta (DCCNT) a dearadh chun infheistíocht a fháil ó dhaoine muinteartha i gcás comhlachtaí nua-thionscanta sna céimeanna luaithe
  • An Faoiseamh d’Fhiontraithe i leith Comhlachtaí Nua-Thionscanta (FFCNT) a dearadh chun cabhrú le daoine aonair atá ag tosú a gcomhlacht nua féin.

Féadtar tuilleadh sonraí a fháil faoi cén uair a bhfuil infheistíocht mar infheistíocht cáilitheach ar fáil in Faoiseamh ar infheistíocht i dtrádálacha corparáideacha.

Ar aghaidh: Cistí infheistíochta ainmnithe