Cén uair a theastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach?

Chun iarratas a dhéanamh ar dheontais áirithe agus conarthaí earnála poiblí

Deontais áirithe

Má fhaightear deontais, fóirdheontais nó íocaíochtaí eile den chineál céanna ó roinn rialtais nó údarás poiblí ar fiú níos mó ná €10,000 iad le linn na bliana, beidh ort Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat.

Leagtar an teorainn seo amach i gciorclán na Roinne Airgeadais maidir le deontais a íoc.

Conarthaí earnála poiblí

Má fhaightear íocaíochtaí ó chonradh seirbhíse poiblí ar fiú breis agus €10,000 é agus Cáin Bhreisluacha (CBL) san áireamh, teastóidh Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat i rith na bliana.

Leagtar an teorainn seo amach i gciorclán na Roinne Airgeadais maidir le conarthaí a dheonú.

Más le haghaidh togra tógála atá an conradh, teastóidh ráta CCI 0% nó 20% a bheith agat. Seiceálfar é seo nuair a bheidh an conradh dlite le bheith íoctha.

Teastaíonn imréiteach cánach fiú mura bhfuil conradh foirmiúil i bhfeidhm chun earraí nó seirbhísí a sholáthar.

Ar aghaidh: Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas d'Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí (SPSV)