Cén uair a theastaíonn Deimhniú Imréitigh Cánach?

Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas d'Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí (SPSV)

Má tá iarratas á dhéanamh agat ar cheadúnas SPSV ón Údarás Náisiúnta Iompair ní mór duit Deimhniú Imréitigh Cánach a chur ar fáil.

Ba chóir d’fhostaithe Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) ‘Sealbhóir Ceadúnais Tiomána d’Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí (SPSV) (Fostaí)’ a roghnú mar chúis le haghaidh imréitigh chánach.

Ba chóir do dhaoine féinfhostaithe ‘Sealbhóir Ceadúnais Tiomána d’Fheithicil Bheag Seirbhíse Poiblí (SPSV) (Féinfhostaithe nó Gnó)’ a roghnú mar chúis le haghaidh imréiteach cánach.

Ar aghaidh: Chun críocha An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí