CBL a éileamh ar ais
Cáin Bhreisluacha (CBL) a aiséileamh ó Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE)
D'fhéadfá a bheith in ann CBL a aiséileamh ó bhallstát eile sna cásanna seo a leanas:
- is trádálaí Éireannach thú atá cláraithe le haghaidh CBL
- d'íoc tú CBL i mBallstát eile
- bhí an CBL a d'íoc tú bainteach le do ghnó.
Féadtar éileamh a thíolacadh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) faoi Aisíocaíocht Leictreonach CBL (EVR).
Conas éileamh EVR a dhéanamh
Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís.
Tá na sonraí go léir maidir le héileamh a dhéanamh agus conas déileáil le héileamh leasaithe ar fáil sa treoir bhreise.
Féadfaidh tú suas le cúig iarratas a thíolacadh i mbliain féilire.
Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an aisíocaíocht roimh an 30 Meán Fómhair den bhliain féilire i ndiaidh na bliana a ndearna tú an ceannach.
- Sampla
Rinne tú na ceannacháin ar cuireadh CBL i bhfeidhm orthu i mí Aibreáin 2024.
Ní mór duit éileamh a thíolacadh ar ROS roimh an 30 Meán Fómhair 2025.
Íocfar aisíocaíochtaí trí ríomhaistriú airgid (EFT) chuig na sonraí bainc a sholáthraítear san éileamh.
Ní mór duit na doiciméid tacaíochta uile a choinneáil ar feadh sé bliana ó dheireadh na bliana ina ndéantar an t-éileamh.
Conas a phróiseáiltear an t-éileamh?
Nuair a bheidh d'éileamh EVR comhlánaithe i gceart, gheobhaidh tú uimhir thagartha uathúil ó ROS. Beidh ort an uimhir seo a chur san áireamh in aon fhiosrú maidir leis an éileamh.
Eiseofar d'éileamh EVR chuig Ballstát na haisíocaíochta lena phróiseáil.
Uimhreacha iomadúla CBL agus Grúpaí CBL
Má tá níos mó ná uimhir CBL amháin agat ní mór duit an aisíocaíocht a éileamh agus úsáid á baint as an uimhir CBL ar eisíodh an sonrasc ina leith.
Ní féidir le tíolacóirí grúpa CBL éileamh a thíolacadh ach amháin trí úsáid a bhaint as uimhir thíolaiceora an ghrúpa.
Ar aghaidh: Trádálaithe Éireannacha atá cláraithe le haghaidh CBL a dteastaíonn deimhniú stádais inchánach uathu