FATCA/DAC2-CRS

An tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA)

Is éard atá i FATCA ná comhaontú roinnt faisnéise idir Éirinn agus Stáit Aontaithe Mheiriceá. I mí na Nollag 2012, tháinig an dá thír ar chomhaontú chun faisnéis cuntas airgeadais ó insitiúidí airgeadais in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá a mhalartú. Tuairiscíonn institiúidí airgeadais na Stát Aontaithe sonraí na gcuntas atá i seilbh cónaitheoirí cánach Éireannacha. Tuairiscíonn institiúidí airgeadais na hÉireann sonraí na gcuntas atá i seilbh saoránaigh na Stát Aontaithe agus cónaitheoirí cánach na Stát Aontaithe.

Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú

Ní mór d’institiúidí airgeadais na hÉireann sonraí na gcuntas seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi 30 Meitheamh gach bliain maidir leis an mbliain féilire roimhe sin. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a roinnt leis na Stáit Aontaithe faoi 30 Meán Fómhair gach bliain. Tharla an chéad mhalartú faisnéise idir na Stáit Aontaithe agus Éire in 2015.

Cén chaoi a ndéantar tuairisceán FATCA a thíolacadh

Ní mór duit Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh oibleagáid tuairiscithe FATCA más institiúid airgeadais thú. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Féadtar é seo a dhéanamh ach Foirm Clárúcháin le haghaidh Eintiteas Tuairiscithe a chomhlánú. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS. Ón uair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe FATCA.

Ón uair a bheidh tú cláraithe, féadtar tuairisceáin FATCA a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS. Féach an treoir IRS agus Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-25 le haghaidh tuilleadh eolais maidir le formáid an tuairisceáin.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach an Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-25:

  • cén chaoi le clárú mar eintiteas tuairiscithe
  • clárú le haghaidh oibleagáid tuairiscithe
  • agus
  • tuairisceán a thíolacadh.

Reachtaíocht na hÉireann agus treoracha i leith FATCA

Tá an reachtaíocht a chuireann FATCA i bhfeidhm in Éirinn le fáil in:

Tá tuilleadh eolais d'Institiúidí Airgeadais ar fáil sa Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-22.

Tá tuilleadh sonraí do shealbhóirí cuntais ar fáil sa Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-24.

Ar aghaidh: An Comhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) agus DAC2