FATCA/DAC2-CRS

Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú

Ní mór d’institiúidí airgeadais na hÉireann sonraí na gcuntas ábhartha a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi 30 Meitheamh gach bliain. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a roinnt le dlínse cónaitheachta cánach an tsealbhóra cuntais faoi 30 Meán Fómhair gach bliain.

An chaoi a thíolacann tú tuairisceán DAC2-CRS

Ba chóir d'institiúidí airgeadais Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe DAC2-CRS. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe. Féadtar é seo a dhéanamh ach Foirm Clárúcháin le haghaidh Eintiteas Tuairiscithe a chomhlánú. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS. Ón uair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe CRS. Féadfaidh tú ansin na tuairisceáin DAC2-CRS a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS.

Féach an Treoirleabhar Cánach agus Dleachta Páirt 38-03-26 le tuilleadh eolais a fháil ar conas:

  • clárú mar eintiteas tuairiscithe
  • clárú le haghaidh dualgas tuairiscithe
  • do thuairisceán a fhormáidiú i gceart
  • agus
  • tuairisceán a thíolacadh.