FATCA/DAC2-CRS

Léargas ginearálta

Is cuid lárnach de Mhalartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) ar fud an domhain é malartú faisnéise cuntas airgeadais. Áirítear leis sin sonraí faoi chuntais airgeadais agus infheistíochtaí atá i seilbh neamhchónaitheoirí in institiúidí airgeadais, amhail bainc, cumainn fhoirgníochta agus cuideachtaí infheistíochta.

Cuireann institiúidí airgeadais atá ag feidhmiú in Éirinn eolas ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim faoi chustaiméirí atá intuairiscithe mar gheall ar a n-áit chónaithe chánach nó a saoránacht. Roinneann na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo leis na dlínsí ábhartha faoin gcreat dlíthiúil cuí.

Faigheann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis ó dhlínsí eile ina bhfuil cuntais airgeadais agus infheistíochtaí ag cónaitheoirí cánach Éireannacha.

Tá comhaontuithe AEOI i bhfeidhm ag Éirinn chun faisnéis faoi chuntais airgeadais a mhalartú faoi thrí chóras. Is iad sin an tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA), an Caighdeán Comhthuairiscithe (CRS) agus an Treoir i leith Comhoibriú Riaracháin (DAC).

Is é an CRS an caighdeán domhanda chun faisnéis cuntas airgeadais a mhalartú agus déantar foráil maidir le malartuithe le níos mó ná 100 dlínse. Cuireadh an CRS chun feidhme laistigh den AE mar leasú ar an DAC. Is éard atá in FATCA ná comhaontú déthaobhach idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ar aghaidh: An tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA)