FATCA/DAC2-CRS
    Faisnéis a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim faoi FATCA agus DAC2-CRS
Is gnách d’institiúidí airgeadais an fhaisnéis seo a leanas a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim:
- ainm, seoladh agus Uimhir Aitheantais Cánach eachtrach an tsealbhóra cuntais (TIN)
 
- dlínse na cónaitheachta cánach
 
- dáta agus áit bhreithe
 
- na daoine urlámhais (i gcás eintitis áirithe)
 
- ainm agus uimhir aitheantais na hinstitiúide airgeadais
 
- an méid úis comhlán a íocadh ar chuntas taiscthe
 
- an méid díbhinní comhlán a íocadh nó a cuireadh chun creidmheasa an chuntais
 
- an méid úis comhlán (ús agus díbhinní san áireamh) a íocadh isteach sa chuntas
 
- an méid comhlán a rinneadh ó dhíol sócmhainne a choinnítear sa chuntas
 
- an t-iarmhéid ar an dáta tuairiscithe
 
- agus
 
- dúnadh an chuntais (má dúnadh é le linn na tréimhse tuairiscithe).
 
An chaoi a mbailítear do chuid faisnéise
I gcás cuntais nua, baileoidh institiúid airgeadais do chuid eolais nuair a chuirtear féin-dheimhniú i gcrích.
Chun críocha an Achta um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA), is cuntas nua é cuntas a osclaíodh tar éis 30 Meitheamh 2014. I gcás an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe (CRS), is cuntas nua é cuntas a osclaíodh ó 31 Nollaig 2015. Ní mór d’institiúid airgeadais ansin faisnéis a chuirtear ar fáil ar an bhféin-dheimhniú a sheiceáil.
An bhfolaíonn sé seo cuntais atá níos sine?
I gcás cuntas atá ann cheana, ní mór d’institiúidí airgeadais do thaifid a scrúdú le haghaidh táscairí i leith neamhchónaitheachta. Osclaíodh cuntais a bhí ann cheana, ar an 1 Eanáir 2016 nó roimhe le haghaidh CRS, agus an 1 Iúil 2014 nó roimhe le haghaidh FATCA.
I measc na táscairí i leith neamhchónaitheacht tá:
- seoladh eachtrach
 
- uimhir eachtrach theileafóin
 
- treoracha aistrithe chuig cuntas bainc eachtrach
 
- cumhacht aturnae le duine eachtrach
 
- agus
 
- áit bhreithe eachtrach.
 
      
  		Ar aghaidh: Cad a chiallaíonn FATCA agus an CRS do Shealbhóir cuntais