FATCA/DAC2-CRS

An Comhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) agus DAC2

Is é an CRS an comhchaighdeán tuairiscithe domhanda le haghaidh Malartú Uathoibríoch Faisnéise (AEOI) maidir le faisnéis airgeadais. Cheadaigh an ECFE é i mí Feabhra 2014. Tá Éirinn i measc os cionn 100 dlínse a shínigh an CRS.

Foráiltear le Treoir 2011/16 ón gComhairle (AE) (DAC) don malartú faisnéise cáiníocóra idir córais riartha cánach na mBallstát AE. I mí na Nollag 2014, leasaíodh an DAC le Treoir 2014/107 ón gComhairle (AE) (DAC2). Rinne DAC2 oibriú an CRS éigeantach do Bhallstáit uile an AE agus thug sé an CRS isteach i reachtaíocht AE.

Rinneadh leasuithe ar DAC2 agus CRS leis seo a leanas:

Faoi DAC2-CRS tuairiscíonn institiúidí airgeadais na hÉireann sonraí faoi shealbhóirí cuntais nach bhfuil cónaitheach ó thaobh cánach de in Éirinn ná sna Stáit Aontaithe. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a mhalartú ansin leis an dlínse chónaithe rannpháirteach.

Faoi AEOI, faigheann na Coimisinéirí Ioncaim sonraí faoi chuntais atá i seilbh cónaitheoirí cánach Éireannacha le hInstitiúidí Airgeadais i ndlínsí rannpháirteacha.

D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta de participating jurisdictions for DAC2-CRS.

Reachtaíocht na hÉireann agus treoracha maidir le DAC2-CRS

Trasuíodh an CRS agus DAC2 le hailt 891F and 891G den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 faoi seach.
Tacaítear leo seo le Rialacháin: 

Chun tuilleadh treorach a fháil ar shaincheisteanna forfheidhmithe intíre an CRS in Éirinn, féach an Tax and Duty Manual Part 38-03-23.

I gcás nach dtugann an reachtaíocht nó an CRS aghaidh ar shaincheist, ba cheart gurb í an treoir bhreise arna heisiúint ag ECFE an phríomhfhoinse treorach. Áirítear leis seo:

Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú

Ní mór d’institiúidí airgeadais na hÉireann sonraí na gcuntas cuí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi 30 Meitheamh gach bliain. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a roinnt le dlínse cónaitheachta cánach an tsealbhóra cuntais faoi 30 Meán Fómhair gach bliain.

Conas tuairisceán DAC2-CRS a thíolacadh

Ba chóir d’institiúidí airgeadais Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe DAC2-CRS. Mura bhfuil teacht agat ar ROS, ní mór duit clárú mar eintiteas tuairiscithe.

Féadtar é seo a dhéanamh ach Reporting Entity Registration Form a chomhlánú. Más gníomhaire thú atá ag déanamh ionadaíochta ar eintiteas tuairiscithe, féadtar do chliant a chlárú ar ROS.

Nuair a bheidh tú cláraithe mar eintiteas tuairiscithe, beidh tú in ann teacht ar ROS agus clárú le haghaidh na hoibleagáide tuairiscithe CRS. Féadfaidh tú ansin na tuairisceáin DAC2-CRS a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim trí ROS.

Féach an Tax and Duty Manual Part 38-03-26 chun tuilleadh eolais a fháil ar conas:

  • clárú mar eintiteas tuairiscithe
  • clárú le haghaidh dualgas tuairiscithe
  • do thuairisceán a fhormáidiú i gceart
  • agus
  • tuairisceán a thíolacadh.

Ar aghaidh: Cineálacha Institiúidí Airgeadais a bhfuil oibleagáid orthu tuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi FATCA agus DAC2-CRS