FATCA/DAC2-CRS

Cad a chiallaíonn FATCA agus an CRS do Shealbhóir cuntais

Tá sé d'oibleagáid ar institiúidí airgeadais faisnéis áirithe a bhailiú agus a thuairisciú dá n-údarás cánach. Tá feidhm aige seo sa chás go bhfuil siad bunaithe in aon dlínse atá sínithe leis An tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA) nó leis an gComhthuairisciú Caighdeánach (CRS). Féadtar an fhaisnéis sin a mhalartú ansin le húdaráis chánach i ndlínsí eile.

Tá Éirinn tar éis toiliú leis an CRS agus FATCA araon. Déanann institiúidí airgeadais na hÉireann athbhreithniú ar a gcuntais chun sealbhóirí cuntais nach bhfuil cónaitheach ó thaobh cánach de in Éirinn nó ar Saoránaigh SAM iad a aithint agus a thuairisciú. Ansin malartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis leis an dlínse chuí más sínitheoirí iad le CRS nó FATCA.

Cad a chiallaíonn FATCA agus CRS do Shealbhóir Cuntais atá ina dhuine aonair?

Má tá cuntas airgeadais agat in institiúid airgeadais in Éirinn, cinnfidh an institiúid airgeadais do chónaitheacht chánach nó do stádas saoránachta. I measc na gcuntas airgeadais tá cuntais bhainc agus chomhar creidmheasa.

Cuntas nua is ea:

  • cuntas a osclaíodh tar éis 31 Nollaig 2015, i gcás CRS
  • agus
  • cuntas a osclaíodh tar éis 30 Meitheamh 2014, i gcás FATCA.

Nuair atá Cuntas Nua á oscailt, iarrfaidh an Institiúid Airgeadais ort féin-deimhniú a líonadh isteach. Iarrtar ort san fhéin-deimhniú sonraí a thabhairt maidir le do chónaitheacht chánach nó shaoránacht agus d’Uimhir Aitheantais Cánach (TIN) más neamhchónaitheoir nó saoránach de chuid SAM thú.

Cuntais atá ann cheana is ea:

  • cuntas a osclaíodh ar 31 Nollaig 2015 nó roimhe, i gcás CRS
  • agus
  • cuntas a osclaíodh ar 30 Meitheamh 2014 nó roimhe, i gcás FATCA.

Má tá cuntas agat atá ann cheana, déanfaidh an Institiúid Airgeadais a cuid taifead a sheiceáil le haghaidh do stádas cónaitheachta cánach nó stádas saoránachta. I gcúinsí áirithe, áfach, iarrfaidh an Institiúid Airgeadais ort féin-deimhniú a líonadh isteach.

Céard a tharlaíonn más cónaitheoir cánach Éireananch mé agus nach saoránach de chuid SAM mé?

Ón uair a dheimhníonn an Institiúid Airgeadais gur cónaitheoir cánach Éireannach thú agus nach saoránach de chuid SAM thú, níl aon ghníomh eile le glacadh. Ní dhéanfar aon fhaisnéis a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Céard a tharlaíonn má tá mé i mo chónaitheoir cánach i dtír eile nó i mo shaoránach de chuid SAM?

Féadtar faisnéis a roinnt má tá tú cónaitheach ó thaobh cánach de i ndlínse eile nó i do shaoránach de chuid SAM agus má tá cuntas airgeadais agat in institiúid airgeadais in Éirinn. Déanfaidh an institiúid airgeadais an fhaisnéis seo a leanas fút a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim:

  • d’ainm, do sheoladh, do TIN echtrach, agus an uimhir an chuntais airgeadais
  • do dháta breithe, d’áit bhreithe (má tá sé ar an taifead)
  • ainm agus Uimhir Aitheantais na hInstitiúide argeadais
  • an t-iarmhéid nó luach cuntais ag deireadh na bliana
  • agus
  • aon íocaíochtaí a dhéantar i ndáil leis an gcuntas le linn na bliana féilire, ús íoctha, mar shampla.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis seo a mhalartú le do dhlínse cónaitheachta cánach sa chás seo a leanas:

  • gur thoiligh siad le CRS nó le FATCA
  • agus
  • go bhfuil bonn dlíthiúil ar bun chun an fhaisnéis a mhalartú.

Ar aghaidh: Cén uair agus cén chaoi a ndéantar an fhaisnéis a mhalartú