FATCA/DAC2-CRS

Cineálacha Institiúidí Airgeadais a bhfuil oibleagáid orthu tuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim faoi FATCA agus DAC2-CRS

Chun críche an Achta um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA) agus an Comhchaighdeán Tuairiscithe agus Treoir i leith Comhoibriú Riaracháin (DAC2-CRS), féadfaidh institiúidí airgeadais a bheith:

  • ina n-institiúidí cumhdaigh
  • ina n-institiúidí taisclainne
  • ina n-eintitis infheistíochta
  • agus
  • ina gcomhlachtaí sonraithe árachais.

Folaíonn siad seo bainc, trádálaithe infheistíochta, comhlachtaí bainistíochta ciste agus bainisteoirí iontaobhais. Meastar Comhair Chreidmheasa a bheith ina n-institiúidí airgeadais le haghaidh DAC2-CRS ach ní le haghaidh FATCA.

Ón 1 Eanáir 2026, tá eintitis a shealbhaíonn táirgí airgid leictreonaigh, Airgeadraí Digiteacha an Bhainc Ceannais agus díorthaigh cripteashócmhainní do chustaiméirí aicmithe mar institiúidí airgeadais tuairiscithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar institiúidí airgeadais, féach orthu seo a  leanas: 

Na cineál cuntais a thuairiscítear

Má tá tú neamhchónaitheach agus má tá cuntas airgeadais agat, féadfaidh sé go seolfar do chuid sonraí chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Tarlaíonn sé seo má tá do chuntas:

  • ina chuntas taisclainne
  • ina chuntas cumhdaigh
  • ina chonradh árachais luacha airgid
  • ina chonradh blianachta
  • infheistithe i ndíorthaigh cripteashócmhainní nó ag sealbhú díorthaigh cripteashócmhainní

  • ina leasa cothromais nó fiachais in eintiteas infheistíochta.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar institiúidí airgeadais, féach orthu seo a  leanas: 

Cuntais iontaobhais a roinntear trí AEOI

Meastar cuntais a choinnítear ar iontaobhas a bheith intuairiscithe le haghaidh FATCA agus DAC2-CRS freisin. Más duine urlámhais neamhchónaitheach thú (mar shampla lonnaitheoir, iontaobhaí nó tairbhí), féadtar do chuid sonraí a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim freisin.

Ar aghaidh: Faisnéis a thuairiscítear do na Coimisinéirí Ioncaim faoi FATCA agus DAC2-CRS