Aistriú ó 2026 go 2027

Tíolacthaí párolla le haghaidh 2027

Ní fhéadtar dátaí íocaíochta a chur san áireamh le haghaidh 2026 agus 2027 sa tíolactha párolla céanna. Tá sé tábhachtach go bhfuil an bhliain ceart san áireamh i gceanntásc an tíolactha párolla.

Níor chóir duit tíolactha párolla a thíolacadh le dáta pá 2027 air go dtí go bhfuil an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) 2027 ar fáil. 

Níor chóir duit Aitheantas Fostaíochta fostaí a athrú ó bhliain go bliain. 

Uimhir Tagartha Cánach

Nuair atá tíolactha párolla á dhéanamh gan Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), tá sé éigeantach uimhir tagartha cánach a úsáid. Níor chóir an uimhir tagartha seo a athrú ó 2026 go dtí 2027. Ní mór duit a chinntiú chomh maith nach n-athraítear ainm an duine. 

Nuair atá UPSP tugtha cothrom le dáta, ní mór í a chur san áireamh in éineacht leis an uimhir tagartha cánach ar an gcéad tíolactha párolla eile. Bainfidh muid úsáid as an uimhir tagartha cánach agus UPSP ionas go dtiocfaidh sonraí na dtíolacthaí párolla roimhe seo leis na sonraí nua.