Aistriú ó 2025 go 2026

Ioncam a tuilleadh in 2025, ach a íocadh in 2026

Maidir le híocaíochtaí íoctha ar 1 Eanáir 2019 nó dá éis, is gá iad a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ag an tráth a dhéantar an íocaíocht. Tá sé seo i bhfeidhm, is cuma an uair a tuilleadh an t-airgead.

Sa chás go ndéantar íocaíochtaí ar 1 Eanáir 2026 nó dá éis, ba chóir:

Tá feidhm aige seo, fiú má rinneadh an íocaíocht i leith obair a rinneadh in 2025. Ba chóir an íocaíocht seo a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim ar an dáta pá, nó roimhe sin. Cuirfear an íocaíocht san áireamh sa ráiteas míosúil don mhí ina ndearnadh an íocaíocht.

Ba chóir duit dul i gcomhairle le do sholáthraí bogearraí mura bhfuil tú cinnte faoin bpróiseas atá le leanúint le do phacáiste bogearraí féin.

Ba chóir don fhostóir an FPCI don tréimhse sin a úsáid nuair atá na hasbhaintí á ríomh.

Íocaíochtaí iar-scoir

Chun íocaíochtaí iar-scoir a thuairisciú sa chás go scoireann an fostaí den fhostaíocht sa bhliain roimhe:

  • ba chóir iarratas nua FPCI a thíolacadh
  • ná cuir dáta tosaigh fostaíochta ar fáil
  • déan tíolacadh párolla le haghaidh na híocaíochta iar-scoir
  • cuir aitheantas na fostaíochta bunaidh isteach agus an dáta bunaidh scoir
  • agus
  • cuir an dáta íocaíochta isteach (is é seo an dáta a dhéantar an íocaíocht iar-scoir).

Tabhair do d'aire

Ba chóir d'fhostóirí a dtaifid párolla a réiteach le cinntiú go scoirtear fostaí i gceart nuair a scoireann an fostaí sin d'fhostaíocht.

Ar aghaidh: Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) le haghaidh 2026 a iarraidh