Aistriú ó 2026 go 2027

Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) le haghaidh 2027 a iarraidh

Beidh fógraí Fógra Párolla na gCoiminiséirí Ioncaim (FPCI) le haghaidh 2027 ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim go luath i mí na Nollag 2026. Tabharfar cothrom le dáta i bhfíor-am iad ó 1 Eanáir 2027 ar aghaidh.

Ná húsáid FPCI le haghaidh 2026 i leith íocaíochtaí a dhéantar in 2027. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil an FPCI ceart á úsáid agat.

Ba chóir duit fógraí FPCI a iarraidh le haghaidh gach fostaí faoi gach uimhir tagartha cánach don chéad babhta párolla in 2027. Ní mór duit na sonraí a oibriú de réir mar a thuairiscítear duit iad san FPCI. Beidh feidhm aige seo fiú sa chás go dtuairiscítear creidmheasanna agus banda ráta nialasach. Sa chás nach bhfuil FPCI ar fáil d’fhostaí, ní mór an bhonn éigeandála a fheidhmiú.

Tabharfar an tAitheantas Fostaíochta a sannadh in 2026 ar aghaidh agus cuirfear san áireamh é sa chéad FPCI in 2027.

Ar aghaidh: Tíolacthaí párolla le haghaidh 2027