Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe

Conas fostaí a íoc atá ag fáil Sochar Máithreachais

Sa chás go bhfuil scéim pá um shaoire mháithreachais i bhfeidhm, níor chóir don fhostóir cáin a ghearradh ach amháin ar an sciar sin de thuarastal fostaí a bhaineann le pá. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an cháin dhlite i leith aon íocaíochtaí Sochair Máithreachais de bhun chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta fostaí a laghdú. Ní mór d’fhostóirí na creidmheasanna cánach agus bandaí ráta a úsáid mar atá ar an Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) is déanaí arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim. Eiseofar FPCI nuashonraithe a luaithe a bheidh tús nó scor an tSochair Mháithreachais tuairiscithe do na Coimisinéirí Ioncaim.

Tabhair do d'aire

Féadtar na samplaí seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le Sochar Máithreachais, chomh maith le Sochar Sláinte agus Sábháilteachta, Sochar Uchtála, Sochar Atharthachta agus Sochar Tuismitheora.

Sampla 1 (Íoctar an Sochar Máithreachais go díreach leis an bhfostóir)

Oibríonn fostóir Jane scéim pá um shaoire mháithreachais. Íoctar Jane go seachtainiúil (is é an Aoine an lá pá) agus thug sí treoir don Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) aon Sochar Máithreachais a íoc go díreach lena fostóir. Tá sí ar saoire mháithreachais ón 2 Márta 2026.

Lá pá: Dé hAoine 6 Márta 2026

Tá íocaíocht €299 faighte ag an bhfostóir ón RCS. Íoctar €500 sa tseachtain le Jane de ghnáth. Ní ghearrann an fostóir cáin ach ar an sciar den tuarastal a bhaineann le pá.

Chun críocha cánach, níor chóir an €299 a áireamh i ríomh na nithe seo a leanas:

• Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)

• Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU)

• Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Laghdaíonn an fostóir an pá seachtainiúil incháinithe chuig €201 (€500 – €299).

Ní mór don fhostóir an Sochar Máithreachais a fhaightear a chur san áireamh ar thíolacadh párolla Jane a thíolactar do na Coimisinéirí Ioncaim.

Lá pá: Dé hAoine 13 Márta 2026

Tháinig FPCI nuashonraithe ó na Coimisinéirí Ioncaim le creidmheasanna cánach agus banda ráta laghdaithe ar an gCéadaoin, an 19 Márta. Tá íocaíocht €299 faighte ag an bhfostóir ón RCS. Cuireann an fostóir pá incháinithe seachtainiúil €201 (€500 – €299) san áireamh ina dtíolacadh párolla agus cuireann siad an FPCI is déanaí a fuarthas ó na Coimisinéirí Ioncaim i bhfeidhm.

Lá pá: Dé hAoine 2 Deireadh Fómhair 2026

Filleann Jane ar an obair ar an Luan, an 28 Mean Fómhair. Faightear FPCI nuashonraithe ó na Coimisinéirí Ioncaim Déardaoin, an 1 Deireadh Fómhair 2026.

Gearrtar cáin ar phá Jane mar is gnách. Gearrtar é sé seo don tréimhse28 Meán Fómhair go dtí an 2 Deireadh Fómhair a úsáideann an FPCI is déanaí. 

Sampla 2 (ní oibríonn an fostóir scéim pá um shaoire mháithreachais)

Íoctar Áine go seachtainiúil agus tá sí ar saoire mháithreachais ón 05 Feabhra 2026.

Íocadh í ar an Aoine, 6 Feabhra í as ucht na trí lá a d’oibrigh sí an tseachtain sin. Ní íocann an fostóir arís í go dtí go dtagann deireadh leis an saoire mháithreachais.

Filleann Áine ar an obair Dé Luain, 10 Lúnasa 2026 agus eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim FPCI nuashonraithe chuig an bhfostóir an lá dar gcionn. Áirítear san fhógra seo méid an tSochair Mháithreachais incháinithe a fuair Áine. 

Ar an gcéad lá pá eile (Dé hAoine, 14 Lúnasa), gearrtar cáin ar phá Áine mar is gnách. Gearrtar é seo don tréimhse ó 10 go dtí 14 Lúnasa ag úsaid an FPCI is déanaí.