Cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a fhaigheann fostaithe

Cáin a ghearrtar ar Shochair Mháithreachais, Atharthachta, Tuismitheora, Uchtála, agus Sochair Sláinte agus Sábháilteachta

Tá Sochar Máithreachais, Sochar Atharthachta, Sochar Tuismitheora, Sochar Uchtála, agus Sochair Sábháilteachta agus Sláinte, faoi dhliteanas Cánach Ioncaim. Níl na híocaíochtaí seo faoi dhliteanas an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ná Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC)

Seolann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí faoin sochar a éilítear go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Baileoidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin dhlite i leith an ioncaim seo trí chreidmheasanna cánach agus bandaí ráta fostaí a choigeartú. Eiseoidh muid Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nuashonraithe chuig an bhfhostóir. 

Níor chóir ach an pá a íocann an fostóir a chur san áireamh i bpá le haghaidh Cánach Ioncaim, MSU agus ÁSPC.

Ar aghaidh: Conas fostaí a íoc atá ag fáil Sochar Máithreachais