Earraí a cheannach ar líne le haghaidh úsáid phearsanta
Léargas ginearálta
Má tá tú ag ceannach earraí ar líne, (nó le postdíol), féadfaidh sé go mbeidh ort dleacht agus cáin a íoc ina leith. Braitheann sé seo ar an áit óna bhfuil na hearraí á gceannach agat.
Tabhair do d'aire
Ón 1 Eanáir, ní bheidh an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Má cheannaíonn tú earraí ón Ríocht Aontaithe (seachas Tuaisceart Éireann) ón 1 Eanáir, féadfaidh sé go ngearrfar muirir ort a leagtar amach sa leathanach seo.
Tá an ceannaitheoir freagrach as cruinneas an dearbhaithe custam agus as aon dleacht agus cáin a íoc. Níl dleacht agus cáin san áireamh i bpraghsanna roinnt suíomhanna idirlín.
Tá sé in aghaidh an dlí marcáil bhréagach a thabhairt i leith bronntanais nó luach bréagach a thabhairt ar dhearbhú custam. Féadfaidh sé a bheith de thoradh air go ngearrfar táillí agus pionóis.
Muirir bhreise
Gearrann iompróirí muirir i leith:
- iompar
- árachas
- agus
- muirear láimhseála chun earraí a phróiseáil trí na custaim.
Tá na muirir seo san áireamh sa luach custam nuair atá an ráta cuí Dleachta Custam á ghearradh. Féadtar samplaí a fháil de na muirir seo ar an gcéad leathanach eile. Bailítear na muirir seo in éineacht leis an dleacht agus cáin, ach ní muirir custam iad.
Féadfaidh sé go n-athraíonn muirir, mar sin beidh ort iad a sheiceáil leis an iompróir go díreach. Ní fhéadann na Coimisinéirí Ioncaim idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí idir an t-iompróir agus an tomhaltóir maidir leis na muirir a ghearrann an t-iompróir as ucht na hearraí a sheachadadh. Ba chóir gach fiosrú i dtaca leis na muirir seo a chur chuig an iompróir.
Tabhair do d’aire
Mura gcuirtear na costais iompair san áireamh ar an dearbhú custam, ní mór d’iompróirí na costais iompair a ríomh. Tá eolas maidir leis an gcaoi leis seo a dhéanamh ar fáil in AEP Helpdesk Notification 009/2016.
Ar aghaidh: Earraí a cheannach ar líne ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)