Poist a athrú

Nuair a fhágann tú do phost

Nuair a fhágann tú post, cuirfidh d’fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú críochnaithe. Déanfaidh siad an méid sin trí dháta fágála a chur ar an tíolacadh párolla deiridh. Ní bhfaighidh tú P45 a thuilleadh ó d’fhostóir.

Féadtar do phá agus asbhaintí Cánach Ioncaim a thuairiscigh d’fhostóir do na Coimisinéirí Ioncaim a fheiceáil tríd an nasc ‘Bainistigh do cháin’ in moChúrsaí.

Beidh an méid seo a leanas ar do thíolacadh párolla deiridh:

Tabhair do d’aire

Má loiceann d’fhostóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil tú críochnaithe, féadtar úsáid a bhaint as moChursaí chun do sheanphost a scor. Roghnaigh 'Féach/Scoir do Shonraí Poist nó Pinsin' ar an gcárta ‘Seirbhísí ÍMAT’ chun é seo a dhéanamh.

Ar aghaidh: Nuair a thosaíonn tú post nua