Poist a athrú

  1. Léargas ginearálta
  2. Nuair a fhágann tú do phost
  3. Nuair a thosaíonn tú post nua

Nuair a thosaíonn tú post nua

Nuair a thosaíonn tú post nua, is gá d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a thabhairt do d’fhostóir nua. Cuirfidh d’fhostóir nua na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas go bhfuil tú tosaithe ag obair leo nuair atá Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) iarrtha acu don chéad uair. Déanfaidh muid an méid seo a leanas:

Féadann d’fhostóir ansin na hasbhaintí cearta a dhéanamh ó do thuarastal.

Mura dtugann tú do UPSP do d’fhostóir nua, féadfaidh sé go n-íocfaidh tú an iomarca cánach. Iarrfar ar d’fhostóir Cáin Éigeandála a asbhaint ó do phá.

Féadfaidh sé gurb é an post nua seo do chéad phost in Éirinn. Más ea, is gá duit síniú isteach ar moChúrsaí chun é a chlárú ag baint úsáide as an tseirbhís Poist agus Pinsin.

Tabhair do d’aire

Beidh tú in ann do DCC a fheiceáil, a phriontáil nó a íoslódáil sa bhfillteán 'Mo Chuid Doiciméad' in moChúrsaí.