Baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach

Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhreacha PSP) 'W'

Má tá Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) ‘W’ agat agus go bhfuil d’fhear chéile tar éis bás a fháil, tá sé tábhachtach UPSP nua a fháil. Seachnóidh sé seo aon fhadhbanna cánach nach bhfuil gá leis a d’fhéadfadh teacht chun solais amach anseo. Eiseoidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) UPSP nua chugat.

Céard is gá a dhéanamh

Má fuair tú UPSP ionaid ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim leis an UPSP nua a chlárú chun críocha cánach.

Mura bhfuil UPSP ionaid faighte agat, beidh ort teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le UPSP nua a fháil, féach Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)

Tar éis duit do UPSP ionaid a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim leis an UPSP nua a chlárú chun críocha cánach. Chomh maith leis sin, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le haon eagraíocht eile a d’fhéadfadh do shean UPSP W’ a bheith acu, d’fhostóir nó do sholáthraí pinsin, mar shampla.  

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh idirlín na RCS.