Baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach

Cén chaoi a ngearrtar cáin ort i mbliain mhéala?

Braitheann an méid cánach a íocann tú i mbliain bháis do chéile nó páirtnéara shibhialta ar an gcaoi ar gearradh cáin ort sula bhfuair siad bás. Féadfaidh sé gur gearradh cáin ort faoin mbonn cóimheasúnaithean bonn measúnaithe ar leithligh nó an bonn déileála ar leithligh.

Cóimheasúnú

Faoin mbonn cóimheasúnaithe, féadfaidh sé go raibh tú mar chéile inmheasúnaithe nó mar pháirtnéir sibhialta ainmnithe. Más ea, i mbliain bháis do chéile nó páirtnéara shibhialta, bainfidh an méid seo a leanas leat:

Mura raibh tú mar chéile inmheasúnaithe nó mar pháirtnéir sibhialta ainmnithe, bainfidh an méid seo a leanas leat:

  • gheobhaidh tú an creidmheas cánach pearsanta méadaithe atá ar fáil do bhaintreach fir nó mná nó páirtnéir sibhialta marthanach i mbliain an bháis
  • déanfar measúnú ort ar d’ioncam ó dháta báis do chéile nó do pháirtnéara shibhialta go dtí deireadh na bliana.

Ní fhéadtar an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS) a éileamh sa bhliain a fhaigheann do chéile nó páirtnéir sibhialta bás ós rud é go bhfuil tú ag fáil an chreidmheasa chánach mhéadaithe cheana féin.

Measúnú ar leithligh

Má gearradh cáin ort ar bhonn measúnaithe ar leithligh sula bhfuair do chéile nó páirtnéir sibhialta bás, braitheann na creidmheasanna cánach a fhaigheann tú tar éis a mbáis ar cibé acu ar measadh nó nár measadh gur thú:

  • an céile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe
  • an céile neamh-inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta eile.

Meastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe i gceachtar den chás seo:

  • ba thusa an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta sular roghnaigh tú nó do pháirtnéir measúnú ar leithligh
  • is tusa an céile nó páirtnéir sibhialta a bhfuil an t-ioncam is airde acu sa chás nach raibh tú riamh ar bhonn cóimheasúnaithe.

Má mheastar gur thú an céile inmheasúnaithe nó an páirtnéir sibhialta ainmnithe, bainfidh an méid seo leat:

  • déantar measúnú ar d’ioncam iomlán don bhliain iomlán mar is gnáth
  • beidh tú i dteideal an liúntais do dhuine singil don bhliain agus an banda ráta singil
  • beidh tú i dteideal liúntais, faoisimh agus bandaí ráta neamhúsáidte do chéile nó páirtnéir sibhialta éagtha a úsáid mar is gnáth.

Mura meastar thú a bheith mar an gcéile inmheasúnaithe nó páirtnéir sibhialta ainmnithe, tá dhá thréimhse incháinithe i gceist sa bhliain.

An tréimhse roimh an mbás

Déantar measúnú ar d’ioncam ó 1 Eanáir go dtí dáta an bháis ar bhonn measúnaithe ar leithligh ar an ngnáthbhealach.

An tréimhse tar éis an bháis

Déantar measúnú ar d’ioncam ó dháta an bháis go dtí 31 Nollaig. Sa tréimhse seo, baineann an méid seo leat:

Déileáil ar leithligh

Má gearradh cáin ort ar bhonn déileála ar leithligh sula bhfuair do chéile nó páirtnéir sibhialta bas, gheobhaidh tú an creidmheas cánach pearsanta méadaithe atá ar fáil do bhaintreach fir nó mná nó an creidmheas cánach do pháirtnéir sibhialta marthanach i mbliain an bháis.

Ar aghaidh: Cén chaoi a ngearrtar cáin sna blianta tar éis méala?