Baintreach nó páirtnéir sibhialta marthanach
Cén chaoi a ngearrtar cáin sna blianta tar éis méala?
Féadtar éileamh a dhéanamh ar an gcreidmheas cánach do bhaintreach nó do pháirtnéir sibhialta marthanach sna blianta tar éis bhás do chéile nó do pháirtnéara shibhialta. Braitheann méid an chreidmheasa cánach agus an bhanda ráta a fhéadtar éileamh a dhéanamh ina leith ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil leanaí cáilitheacha agat.
Má tá leanaí cáilitheacha agat, féadfaidh tú an Creidmheas Cánach do Thuismitheoir ar Baintreach É/Í a éileamh chomh maith. Féadtar an creidmheas seo a éileamh ar feadh cúig bliana tar éis bhliain an bháis.
Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann an Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)a éileamh.
Céard is leanbh cáilitheach ann?
Chun an creidmheas cánach do thuismitheoir baintrí a éileamh, ní mór leanbh cleithiúnach cáilitheach a bheith ina chónaí leat ar feadh na bliana iomláine nó ar feadh cuid den bhliain.
Féadfaidh sé gur leanbh cáilitheach é:
- leanbh ar tuismitheoir thú dó/di, lena n-áirítear leasleanbh agus leanbh uchtaithe
- nó
- leanbh atá faoi do chúram agus a dtugann tú aire dóibh ar do chostais féin ar feadh na bliana iomláine nó ar feadh cuid den bhliain.
Meastar gur cleithiúnach de do chuidse é leanbh:
- a rugadh le linn na bliana a bhfuil tú ag déanamh éileamh ina leith
- atá faoi 18 mbliana d’aois ag tús na bliana
- atá os cionn 18 mbliana d’aois ag tús na bliana ach atá i mbun oideachas lánaimseartha nó oiliúint lánaimseartha le haghaidh ceirde nó gairme ar feadh dhá bhliain ar a laghad
- agus, nó
- atá os cionn 18 mbliana d'aois ag tús na bliana ach a cháilíonn don Chreidmheas Cánach i leith Leanbh Éagumasaithe.
Cén chaoi a ngearrtar cáin ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh?
Féadfaidh sé go bhfuil tú ag fáil an Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala (Ranníocach nó Neamh-ranníoch) nó an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS). Cé go bhfuil na híocaíochtaí sin incháinithe, ní ghearrann an RCS cáin orthu ag an bhfoinse.
Cuireann an RCS faisnéis ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim maidir le Pinsean Páirtnéara faoi Mhéala (Ranníocach) agus an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Ní chaithfear teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun na híocaíochtaí seo a thuairisciú. Cuirfidh an RCS na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoin tsuim chun críocha Cánach Ioncaim. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta a choigeartú dá réir.
Tabhair do d'aire
Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas go bhfuil tú ag fáil an Phinsean Páirtnéara faoi Mhéala (Ranníocach) ionas gur féidir linn do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta a choigeartú mar is cuí. Ní aistrítear eolas faoin íocaíocht seo ón RCS chuig na Coimisinéirí Ioncaim.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcánachas a bhaineann le híocaíochtaí leasa shóisialaigh eile, féach Cánachas íocaíochtaí ón RCS.
Ar aghaidh: Uimhreacha Pearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimhreacha PSP) 'W'