Iarratas a dhéanamh ar an dreasacht um Chabhair le Ceannach (CLC)

Leis an tseirbhís ar líne CLC, féadtar cur isteach ar an dreasacht CLC, más rud é gur ceannaitheoir céaduaire incháilithe thú. Leis seo chomh maith, féadtar éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht Cánach Ioncaim agus Cánach Coinneála ar Ús Taisce (DIRT) atá íoctha agat. Féadtar an aisíocaíocht seo a éileamh i gcás aon cheann de na ceithre bliana cánach roimhe seo.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo oiriúnach duit más duine de na daoine seo a leanas thú:

  • duine aonair a dhéanann teach nó árasán a cheannach, nó a fhéin-tógáil, den chéad uair
  • ceannaitheoir céaduaire tí[1], a dhéanann an teach a cheannach, nó a fhéin-tógáil, tráth ar bith idir 1 Eanáir 2017 agus 31 Nollaig 2022
  • ceannaitheoir céaduaire tí nó árasáin a dhéanann a maoin a cheannach, nó a fhéin-tógáil, mar áit chónaithe acu.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Más cáiníocóir Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, ní mór tuairisceán Cánach Ioncaim a bheith tíolactha agat. Ní mór chomh maith Ráiteas Dliteanais a bheith agat le haghaidh gach aon cheann de na blianta a bhfuil sé i gceist agat aisíocaíocht chánach a éileamh ina leith.

Más cáiníocóir féinmheasúnaithe thú, ní mór duit a bheith go hiomlán comhlíontach ó thaobh na cánach de. Ciallaíonn sé seo nach mór íocaíocht agus tíolacadh a bheith déanta agat le haghaidh gach aon cheann de na blianta cánach ina raibh tú faoi dhliteanas cánach. Ní mór chomh maith Deimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat.

Más tógáil nua atá á ceannach agat, ní mór duit a chinntiú gur conraitheoir cáilitheach é an conraitheoir. Ní fhéadann ach conraitheoirí cáilitheacha d’éileamh CLC a cheadú. 

Eolas a theastaíonn chun an CLC a éileamh ar líne

Chun an CLC a éileamh ar líne, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • ainm(neacha) agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) gach duine atá ar an gconradh
  • cóip den chonradh (má síníodh é) 
  • an dáta ceannaigh (má tá tú ag ceannach) nó cruthúnas ar dháta na híostarraingthe don chéad chuid den mhorgáiste (más féin-tógáil atá ann)
  • an praghas ceannaigh (má tá tú ag ceannach) nó luach faofa (más féin-tógáil atá ann)
  • an éarlais iníoctha agus suim na héarlaise íoctha. Ní theastaíonn sé seo uait i gcás féin-tógála
  • fianaise ar dháta na híostarraingthe don chéad chuid den mhorgáiste (más féin-tógáil atá ann)
  • cóip den tuairisc luachála ón iasachtóir (más féin-tógáil atá ann)
  • sonraí do chuntais aisíocaíochta (Ní fhéadtar é seo a bheith an cuntais iasachta) (más féin-tógáil atá ann)
  • ainm agus seoladh na hinstitiúide morgáiste
  • uimhir iarratais d’iasachta. 
  • suim na hiasachta cáilithí[2]   
  • suim an fhaoisimh DIRT a d’éiligh tú roimhe seo[3]. Ní bhaineann sé seo le hábhar má rinne tú éileamh ar theach a ceannaíodh, nó a fhéin-tógadh, roimh 31 Nollaig 2016.

Cén chaoi le teacht ar sheirbhís ar líne na dreasachta CLC

Chun teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí, ar an gcárta ‘Cabhair le Ceannach’, cliceáil ar ‘Cabhair le Ceannach’. 

Chun teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ar an leathanach baile ROS cliceáil ar an gcárta ‘Cabhair le Ceannach’. 

[1] Más ceannaitheoir céaduaire thú, ní mór an éarlais atá á iarraidh agat a bheith chun teach nó árasán nua a cheannach, nó a fhéin-tógáil, chun cónaí ann mar d’áit chónaithe (áit chónaithe phríobháideach phríomha).

[2] Is é seo suim an mhorgáiste atá á thógáil amach agat chun an mhaoin a cheannach, nó a fhéin-tógáil. Ní mór dó a bheith 70% ar a laghad de phraghas ceannaigh an tí (má tá tú ag ceannach) nó nó luach faofa an tí (más féin-tógáil atá ann) le go mbeidh sé incháilithe le haghaidh na dreasachta CLC.

[3] Le haghaidh tuilleadh eolais ar an gcaoi le faoiseamh DIRT éilithe a ríomh, cliceáil anseo.